Julian Assange
Iriseoir agus gníomhaí Idirlín is ea Julian Paul Assange (a rugadh ar an 3 Iúil, 1971). Tá aithne níos fearr air mar urlabhraí agus príomheagarthóir WikiLeaks, láithreán gréasáin sceithireachta.[1]
Tá Assange sáinnithe i Londain ó 2010 ag iarraidh eiseachadadh a sheachaint.[2]
Saol cuir in eagar
Sna 1990idí, bhí sé ina mhac léinn fisice agus matamaitice agus ina ríomhchláraitheoir chomh maith.
Sna 2000idí, bhí sé ina chónaí i dtíortha éagsúla agus dúirt sé féin ag an am nach bhfanann sé rófhada in aon áit amháin ach ar feadh seal.
Bhí sé le feiceáil go poiblí go neamhrialta agus é ag labhairt faoi chinsireacht, saoirse an phreasa agus iriseoireacht iniúchacht; bhuaigh sé freisin trí dhuais iriseoireachta as a chuid oibre le WikiLeaks; an Economist Index on Censorship Award (2008), an Amnesty International UK Media Award (2009) agus an Sam Adams Award (2010).
WikiLeaks cuir in eagar
Bhunaigh Assange an láithreán gréasáin conspóideach WikiLeaks sa bhliain 2006.
D'fhoilsigh Wikileaks ábhair a rinne cur síos ar, mar shampla:
- dúnmharuithe seachbhreithiúnacha sa Chéinia,
- dumpáil dramhaíola tocsaineacha ar chósta na hAfraice,
- lámhleabhair Eaglais na hEolaíochta,
- nósanna imeachta san ionad coinneála Camp X-Ray (Guantánamo),
- ábhair a bhain le bainc mhóra ar nós Kaupthing agus Julius Baer,
i measc doiciméad eile.
Triail cuir in eagar
I mí Eanáir 2021 rialaigh an Breitheamh Vanessa Baraitser nár chóir Assange a eiseachadadh mar gheall ar "mhórchontúirt" go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin. Ach deireadh na bliana sin d'éirigh le Meiriceá san Ardchúirt i Londain an breithiúnas sin a chur ar ceal.[3] Ansin sa bhliain 2022, bhí eiseachadadh Assange chun na Stát Aontaithe chun gur féidir é a chur ar a thriail maidir le cúiseanna coiriúla, ceadaithe ag Rúnaí Baile na Ríochta Aontaithe, Priti Patel.[4]
Ag éisteacht dhá lá mí Feabhra 2024, d'iarr abhcóidí thar ceann Assange cead dúshlán a thabhairt do bhreithiúnas a bhí tugtha roimhe sin a chuir go leataobh mórchuid a gcuid argóintí in aghaidh dhíbirt an iriseora.[2]
I mí an Mhárta 2024 diúltaíodh do chás Assange arís, ach rialaigh an chúirt go mbeadh cead aige achomharc a lorg muna dtiocfadh deimhniú ó Rialtas Mheiriceá faoi 3 cheist:
- go mbeadh cosaint saoirse cainte faoin gCéad Leasú ar Bhunreacht na tíre sin aige;
- nach mbeadh "claontacht" ina aghaidh ar bhonn náisiúntachta; agus
- nach mbeadh bagairt an bháis ag fanacht leis thall.[2]
Scríobh Ambasáid na Stát Aontaithe i Londain Nóta, a dúirt nach raibh Assange cúisithe le coir lena mbaineann pionós an bháis agus gealladh nach gcurfar ar a thriail é faoi choir lena mbaineann an pionós sin. Dúirt an tAbhcóide James Lewis "go mbeidh Assange in ann cosaint faoin gCéad Leasú a iarraidh" agus nach mbeadh aon chlaonadh ina aghaidh ar bhonn náisiúntachta.[3]
Ar an 20 Bealtaine 2024, rialaigh an Ardchúirt i Londain nach raibh na geallúintí tugtha ag na Stáit Aontaithe sásúil agus gur chóir achomharc iomlán a dhéanamh. Ní raibh Julian Assange é féin sa gcúirt, "ar mhaithe lena shláinte". Chruinnigh slua suntasach ag tacú le Assange os comhair na cúirte, iarcheannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Jeremy Corbyn ina measc. Bhí bean chéile Assange, Stella, agus daoine muinteartha eile ag an éisteacht, a bhí ar na bacáin le 3 bliana.[3]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cead faighte ag Assange achomarc a lorg in éadan a eiseachadadh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-06-17). "Eiseachadadh Julian Assange chun na Stát Aontaithe ceadaithe" (as ga).