Teanga Tuircice is ea an Tuircméinis, agus í ar ceann de na teangacha Oghuz, cosúil leis an Tuircis agus an Asarbaiseáinis. Is í teanga oifigiúil na Tuircméanastáine í, ach thairis sin, tá mionlaigh mhóra Thuircméanacha le fáil san Iaráic, san Iaráin, san Afganastáin agus sa Tuirc. Tá sí ag 3,430,000 duine ina tír dhúchais féin, ach labhraíonn beagnach dhá oiread eile sna tíortha timpeall na Tuircméanastáine í. Naoi milliún ar fad is ea na cainteoirí dúchais ar fud an domhain.

Infotaula de llenguaAn Tuircméinis
Türkmen, Türkmençe, түркменче‎ agus تۆرکمنچه
Cineál teanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 6,975,120
Dúchasach do Balkh (en) Aistrigh, Badghis (en) Aistrigh, Faryab (en) Aistrigh, Herat Province (en) Aistrigh, Jowzjan (en) Aistrigh, Cabúl, Mazandaran Province (en) Aistrigh, Golestan Province (en) Aistrigh, Razavi Khorasan Province (en) Aistrigh, North Khorasan Province (en) Aistrigh agus an Tuircméanastáin
Stáit an Afganastáin, an Iaráin, an Tuircméanastáin, an Táidsíceastáin, an Úisbéiceastáin agus an Phacastáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
teangacha Altaecha
teangacha Tuircice
Common Turkic (en) Aistrigh
Oghuz (en) Aistrigh
Eastern Oghuz (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir Laidineach, Aibítir Choireallach, Turkmen alphabet (en) Aistrigh, Russian Braille (en) Aistrigh agus Perso-Arabic script (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1 tk
ISO 639-2 tuk
ISO 639-3 tuk
Glottolog turk1304
Ethnologue tuk
ASCL 4304
IETF tk

Tá dlúthghaol ag an Tuircméinis leis an Tatairis Chriméach (nach ionann í agus an Tatairis i gciall cheart an fhocail ach teanga Tuircice eile) agus leis an teanga Salar, atá le cloisteáil i gCúige Xinjiang sa tSín. Tá an Tuircméinis intuigthe ag na Turcaigh agus ag na hAsarbaiseánaigh freisin.

Inniu, is í an aibítir Laidineach a úsáidtear go hoifigiúil leis an Tuircméinis a scríobh. Ba é an deachtóir Saparmyrat Ataýewiç Nyýazow a thug isteach í i dtús na nóchaidí. Mar sin féin, baintear úsáid as an tseanaibítir Choireallach go forleathan fosta. Nuair a bhí Nyýazow ina bheatha, ba nós le páirtithe an fhreasúra a gcuid leathanach Gréasáin a fhoilsiú san aibítir Choireallach le cur in iúl nach raibh siad sásta leis an deachtóireacht. Choinnigh an agóidíocht sin an córas Coireallach beo go dtí an lá atá inniu ann.

Bhí an Tuircméinis á scríobh leis an aibítir Arabach go dtí an bhliain 1929. Ina dhiaidh sin, cuireadh na litreacha Laidineacha ina háit. Le teacht an Stailíneachais, áfach, d'éirigh an tAontas Sóivéadach as an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar theangacha nua, agus anois, ceapadh litriú nua fós a bhí bunaithe ar an aibítir Choireallach. Bhí an córas seo in úsáid ón mbliain 1938 i leith.

D'fhéach an deachtóir leis an teanga a athrú ar bhealaí eile fós. Mar shampla, bhaist sé ainmneacha nua ar mhíonna na bliana. D'ainmnigh sé Mí Eanáir as féin, agus Mí Aibreáin as a mháthair. Thug sé ainmneacha nua tírghráúla ar na míonna eile.

Tagairtí cuir in eagar