Baile
Fáilte romhat go suíomh gréasáin GAELSCOILEANNA TEO. Bunaíodh GAELSCOILEANNA TEO. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tugann an eagraíocht spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail.