Brúsalóis
Galar ainmhithe, ag eallach go príomha, mar thoradh ar ionfhabhtú le miocrorgánaigh den ghné Brucella, a ainmníodh as an mbaictéareolaí Briotanach David Bruce (1855-1931). Ainm eile air is ea breith anabaí tadhaill. Is féidir é a tharchur do dhaoine trí cháis ionfhabhtaithe a ithe, nó bainne bó nó gabhair ionfhabhtaithe a ól, agus tugtar fiabhras madhmach nó fiabhras Mhálta air ansin.[1]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Brúsalóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 95.
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |