Is dúil cheimiceach é an sulfar nó an ruibh, mar a thugtar air freisin. Is é dúil uimhir a 16 agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná S. Tá an sulfar ar ceann de na dúile is coitianta amuigh, agus is féidir teacht ar an dúil aonraithe féin sa dúlra, chomh maith leis an dúrud mianraí sulfáite. Tá sé riachtanach don bheatha, agus is comhábhar tábhachtach é ina lán comhdhúl bithcheimiceach, ar nós an dá aimíonaigéad úd cistéin agus meitiainín.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachSulfar

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceach dúil cheimiceach
Sulfar sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceach S
Uimhir adamhach 16
Mais adamhach 32.06
Cumraíocht leictreon [Ne] 3s² 3p⁴ agus 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁴
Peiriad, Grúpa peiread 3
calcaigin
Airíonna fisiceacha
Dlús 2.07 kg/m⁻³
Leictridhiúltacht 2.58
Ga ianach 1.84, 0.37, 0.12 agus 0.29
Stair
Aimsitheoir Antoine Lavoisier
Fionnachtain 1777
S8

Bíonn drochbholadh as na comhdhúile sulfair, ach níl mórán bolaidh as an sulfar féin. Solad buí é an sulfar faoi bhrú an atmaisféir agus le teocht an tseomra. Níl sé intuaslagtha san uisce, ach is féidir é a thuaslagadh sa déshuilfíd charbóin. Tá a lán allatróp éagsúil ag an sulfar, áfach. An cineál sulfair is coitianta, is é sin, an sulfar buí, tá sé comhdhéanta as móilíní a bhfuil ocht n-adamh sulfair iontu, ach tá trí allatróp difriúla ag an ochtsulfar seo féin.

Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an sulfar, agus is é 32S an ceann is flúirsí acu go léir, nó seasann sé do 95 % den tsulfar nádúrtha - rud is léir ón meáchan adamhach freisin. Níl iseatóip nádúrtha radaighníomhacha ag an sulfar.

Tá a lán uimhreacha ocsaídiúcháin ag an sulfar ina chuid comhdhúl:

  • -2, ar nós suilfídí na miotal agus an tsuilfíd hidrigine H2S
  • +2, cosúil leis an déchlóiríd sulfair SCl2

Tagairtí cuir in eagar