« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #9 Eoghan 8 Eanáir 2011, 13:45 GMT
Déanfar seo agus ansin beifear ag brú ar leibhéal na Gaeilge ag an teastas Sóis agus ansin faoi sin, go dtí nach mbeadh ach grúpa beag in ann Gaeilge a roghnú fiú. Leis an bpolasaí mar atá ní bheidh múinteoirí Gaeilge a ndóthain i roinnt mhaith scoileanna, agus raghad sin in olcas de reir a cheil- níos lú daoien ag déanamh gaeilge ag ardteist=níos lú ag déanamh staidéir uirthi ag 3ú leibhéal= níos lú foirne triú leibhéal Gaeilge. Mura mbeidh an Ghaeilge riachtanach don arteist cuirfear tuilleadh brú ar a stádas a bhaint sa Bhunreacht, is sa tseirbhísphoiblí sa chaoi is nach mbeadh cead Gaeilge a labhairt le Garda/​oifigeach de chuid an stáit (ar bonn dlí murb ionann agus an cás anois) Se sin má bhíonn cead a gcinn ag FGall agus na maidríní lathaí Lucht Oibre nach bhfuil tar éis cuir i gcoinne seo go fóill.
tabhair freagratabhair freagra #10 Peadar 11 Eanáir 2011, 20:52 GMT
Nil sa feachtas seo ach sort FF, SF gluaiseacht ag agóid i gcoinne smaointí nua is riarachán nua a rachadh chun tairbhe na Gaeilge is na tíre.
tabhair freagratabhair freagra #11 Eoghan 11 Eanáir 2011, 22:46 GMT
Riarachán nua? Smaointí nua? Níl ann ach go bhfuil siad ag cur i gcoinne na Gaeilge, FF agus SF an ea? Baint ná páirt agam leo ach iad amr an dá pháirtí is mó ar son na Gaeilge braithimse.
tabhair freagratabhair freagra #12 balor 12 Eanáir 2011, 13:09 GMT
Tá rud amháin cinnte - beidh tuistí na tíre seo tacúil leis an Ghaeilge má bhíonn a gcuid páistí ábalta í a shealnhú go pléisiúrtha agus go h-éifeachtach. Thig sin a dhéanamh má bhíonn múinteoirí oillte spreagúil ar fáil lé í a theagasc le cuidíu ábhar mealltach suimiúil. Mar shampla, cad faoi leagan Beo! do dhéagóirí ? Is infheistíocht maith a bheadh ann. Cad faoi HDip ceart a bheith ar fáil - éinne a rinne an teastas sin, níor fhios acu conas teagasc (don chuid is mó - tuigim go bhfuil múinteoirí iontacha ansin). Fosta, caithfear leanstan le tacaíocht láidir do na Coláistí samhraidh.
tabhair freagratabhair freagra #13 Peadar 13 Eanáir 2011, 13:48 GMT
Snámh in aghaidh easa atá sa scéal; ag iarraidh brú ar scoileanna bochta na tíre, Theip ar an cúis sna triochaidí 'sna ceathracha etc is teipfidh sé arís. Tá an teanga ídithe beagnach go h-iomlán sa Gaeltacht. Lig do obair dheonach is deathoil an phobail is dein dearmad den poilitiíocht is de mheoin an deontais.
tabhair freagratabhair freagra #14 Eoghan 16 Eanáir 2011, 23:52 GMT
'Snámh in aghaidh easa atá sa scéal; ag iarraidh brú ar scoileanna bochta na tíre, Theip ar an cúis sna triochaidí 'sna ceathracha etc is teipfidh sé arís. Tá an teanga ídithe beagnach go h-iomlán sa Gaeltacht. Lig do obair dheonach is deathoil an phobail is dein dearmad den poilitiíocht is de mheoin an deontais.'

Obair mhór, aithin nár iarras deontas, níl an cheist seo faoi dheontas chor ar bith, tá dearcadh iontach duairc agat gur theip ar an gcúis seo cheana, dar liom gur chuir sé ar chumas mórán daoine Gaeigle mhaith abheith acu, ní raibh móán suime ag cuid mhór acu leanacht léi, rud a bheadh fíor cuid mhaith fós sa lá atá inniu ann. Déanann tú caint ar ' brú ar scoileanna bochta sa tír' is léir nach dtuigeann tú an cheist mar is ceart, ní bhaineann sé le brú ar scoileanna chor ar bith ag sealbhú cuid dhílis dár ndúchas. Feabhsaigh an mhúinteoireacht cinnte ach ná baintear ón aon teagmháil a bhíonn ag móran daoine leis an teanga. Ní bheidh an t-athrú seo fiú sásúil dóibh siúd ata i gcoinne na Gaeilge, beidh siad ag iarraidh baint uaithi arís eile.

'Lig do obair dheonach is deathoil an phobail is dein dearmad den poilitiíocht is de mheoin an deontais.'

Ráiméis, ní bheadh da thoradh sin ach Gaeilge nach mbeadh tacaíocht stáit ann di, rud a dhreofadh an-tapa, gan leabhair, gan eagraíochtaí teanga bheith deireadh le h-aon seasamh ag an teanga i roinnt glúnta agus thitfeadh sí chun cúil dá bharr.
tabhair freagratabhair freagra #15 Éamonn Mac Niallais 26 Eanáir 2011, 12:05 GMT
An tOllamh David Little:
“We could make it optional for Leaving Certificate; and after a few years we might come to think that it should be optional for Junior Certificate too; and after that – well, what’s the point of bothering with compulsory Irish at primary level, if it’s going to be taken only by a tiny minority at second level? If we follow this path, we may well find that by the end of this decade Ireland has sold its linguistic birthright and staked its entire future – cultural, political, economic – on the continuing international dominance of English. On the other hand, we can respond by taking seriously the linguistic challenge of the European project; recognizing that Irish belongs not just to Ireland’s but to Europe’s linguistic heritage; taking note of the empirical fact that the more languages you learn, the easier it becomes; insisting that Ireland’s membership of Europe requires us to make foreign language learning a compulsory part of schooling; and seeking ways of achieving more effective learning outcomes.”
tabhair freagratabhair freagra #16 rossa ó snodaigh 5 Feabhra 2011, 11:47 GMT
Tán tubháile caite isteach agat a Dhonnchadh. agus is trua san ó dhuine chomh fuinniúl leat.
Ach samhlaím gur gá dúinn an díosdpóireacht a leathanú mar gur chóras í an choras oideachais sa tír seo nach raibh riamh mar fheidhm an teanga a shlánú.

Slánú an teanga agus cé mar is féidir len córas oideachais cuidiú é sin a dhéanamh. Sin í an chúis cainnte ar chomhair bheith againn.

Séard atá de dhíth ná córas úr a deireann go hoscailte gur ar son ath-shealbhú teanga na tíre atá na nithe seo á chur i bhfeidhm. Geallaim go mbeadh an tír agus an domhain ar son feachtas dá leithéad.
Faoi mar atá sé faoi láthair tuigtear nach bhfuil aon fheidhm ar leith len éigeanntas mar nach bhfuil plean níos iomláine á chur i bhfeidhm ag cinnirí na tíre. Caifear tabhairt faoi an pleann 20 bliain ina iomláinne sar a bhfiltear ar cheist an éigeantais.

Ach o thuairim féin samhlaím gur éigeantas agus 10 n-oiread an tiomantas len a mhúineadh ón mbunscoil ar aighidh atá uainn.
Cur i gcéill, fimíneachas nó frith Ghaelachas atá in aon ghníomh eile.

Len teanga a shlánú ó bheith sloghtha go hiomlán ag an teanga is treise sa tír, ní bheadh i gcuid bheag den phleann sin an éigeantais .
1. 120 uair le chaitheamh ag múinteoirí ag foghlaim conas Gaeilge a mhúineadh mar theanga iasachta; mar a dhéanann siúd a dhéanann lught foghlama TEFL.
2. Cúrsa TEG á ofráil saor in aisce do chuile mhúinteoir sa tír le gur féidir leo breis ranganna a mhúineadh trí ghaeilge. I dtreo is go mbeidh chuile scoil sa tír ag múineadh ar a laghaid leath na n-ábhar trí Ghaeilge, Bun Scoileanna agus Meán Scoileanna sa áireamh.
3. An taon rogha a fhaigheadh daltaí ná cioca ábhar ar mhian leo staidéar a dhéanamh orthu tré Ghaeilge.
4.Oiliúnt cheart TEG A2 agus B1 a thabhairt do stiúthóirí naoílanaí ar conas an Ghaeilge a thabhairt isteach sa chóras.

Dúirt TD Denis Naughten FG (Irish Examiner 03/​10/​08), gur 'caitheadh €300 milliún ar thraenáil Bhéarla d'eachtranaigh thar trí bhliain...' agus 'gur cheart ath-bhreithniú a dhéanamh ar mar a caitear an t-airgead seo".

Níl tada mar sin cloiste againn ó Fhine Gael.
Faoi mar a sheasann sé séard atá i bpolasaí díchéilií an fine frith ghael ná leithéidí seo:
"fiú le riail agus iachaill níl éirithe linn an sochaí a thiontú len a cuid bruascar a chur sna boscaí bruascar; mar sin déanfaimis roghnach é mar nach bhfuil ag éirí len éigeantas".
Seafóid a bheadh in a leithéad de chinne.

Má tuigtear duit gurb í an Ghaeilge foinse ár gcultúr agus gur baol dár gcultúr daoine a bheadh ag déanamh beag den teanga níl aon rogha agat ach gan do vóta a chaitheamh leo.
tabhair freagratabhair freagra #17 Mícheál Ó Máirtín 21 Feabhra 2014, 17:11 GMT
Is eol do chách gurb ionann FG agus bás na Gaeilge. A Dhonncha, an bhfuairis freagra ó Enda???
tabhair freagratabhair freagra #18 Stiofán 1 Márta 2014, 23:36 GMT
Gaeilge go Deo www.meetup.com/​Gaeilge
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!