The Wayback Machine - https://web.archive.org/web/20081006103435/http://rnl106.com:80/
Menu Content/Inhalt

Seisi�n 106
- Éist Linn -
- Tuilleadh Eolais -
- Ríomhphost -
11:00RN to 12:00IN
Cláraigh lenár liosta ríomhphoist
Cuairteoir� ar l�ne faoi l�thair - 7

 

Lá Breithe Sona Raidió na Life!

15 bliain ar an aer!

 


Cinnirí!

Ag tosú Dé Máirt 30 Meán Fómhair 2008, 7:00i.n. Raidió na Life 106.4FM Sraith ghairid nua ó léiritheoirí agus láithreoirí Thuairisc na Máirte, Eoin Ó Fearghail & Liam Mac Amhlaigh. Déantar anailís ar thábhacht agus oidhreacht na mórchinnirí polaitíochta ag deireadh an fhichiú haois in Éirinn agus thar lear. Dírítear ar bheatha, ar shaoil agus ar ghairmeacha na bpolaiteoirí seo, le comparáid déanta ar bhonn na gcatagóirí thíos.

Clár 1: 30/09/08: Éire: Cinnirí Fhianna Fáil: Charles Haughey & Albert Reynolds
Clár 2: 07/10/08: Éire: Cinnirí Fhine Gael: Garrett FitzGerald, Alan Dukes, John Bruton
Clár 3: 14/10/08: Éire: Cinnirí Lucht Oibre: Dick Spring & Ruairí Quinn
Clár 4: 21/10/08: Éire: Cinnirí na nDaonlathach: Desmond O’Malley, Mary Harney, Michael McDowell
Clár 5: 28/10/08: Éire: Na hÚachtaráin: Mary Robinson & Mary McAleese
Clár 6: 04/11/08: Sasana: Cinnirí na gC...

Read More

15ú Breithlá Raidió na Life!

Lá stairiúil i gcraoltóireacht na hÉireann ab ea an 25ú Meán Fómhair 1993. Ar an lá sin, breis agus trí bliana roimh bhreith TnaG/TG4, thosaigh stáisiún raidió úrnua i mBaile Átha Cliath ag craoladh trí Ghaeilge, an chéad stáisiún raidió Gaeilge eile sa tír taobh amuigh de Raidió na Gaeltachta. Pléasc réabhlóideach ab ea teacht Raidió na Life ar an saol - an chéad stáisiún raidió pobail sainspéise sa tír agus an chéad stáisiún Gaeilge dírithe ar cheol nua-aimseartha agus ar an saol comhaimseartha: stáisiún raidió Gaeilge dá gcuid féin do phobal na Gaeilge in Áth Cliath agus an ceantar máguaird.

Tuilleadh Eolais


Craoltóirí Nua ag teastáil!

Agus Raidió na Life ag ceiliúradh 15 bliana ar an bhfód, agus muid anois ar aer 20 uair in aghaidh an lae, táimid ag lorg craoltóirí nua le teacht ar bord linn chun cláracha nua a dhéanamh ar RNL! Más spéis leat taithí a fháil i gcúrsaí taighde, i gcúrsaí láithreoireachta, i gcúrsaí léiritheoireachta srl., nó má tá smaoineamh agat do chlár nua ar Raidió na Life, téigí i dteagmháil linn láithreach! Bheadh taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta ina bhuntáiste ach níl sé riachtanach. Seol ríomhphost chuig eolas@rnl106.com nó cuir scairt ar 01-6616333.