Saghas feidhmchláir Gréasáin is ea vicí a cheadaíonn do na húsáideoirí ábhar a chur leis (ar nós fóram Idirlín), agus a cheadaíonn dóibh an t-ábhar a chur in eagar chomh maith. Tugtar an téarma vicí ar na bogearraí chomhoibríocha a úsáidtear chun an saghas suímh Gréasáin sin a chruthú (féach ar bogearraí vicí).

Vicí
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál infreastruchtúr Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe ar an Gréasán Domhanda
Eapainm WikiWikiWeb
Tuilleadh eolais
Stack Exchange Nasc Cuir in eagar ar Wikidata

Tagann an focal ón Haváis wiki wiki, a chiallaíonn "mear" nó "neamhfhoirmiúil". Úsáidtear an téarma sin go leathan in Haváí i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar chuid den nasctheanga Haváíoch.

Chruthaigh Ward Cunningham an chéad vicí sa "Portland Pattern Repository" ar 25 Márta, 1995.

Tagairtí cuir in eagar